Léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston. Fitear ceol, prós agus an chaointeoireacht san ócáid speisialta seo le Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin agus Eoghan Ó Riada.

A dramatic reading from a forthcoming novel by Micheál Ó Conghaile, telling the story of Bríd Ní Mháille, the woman behind Amhrán an Bháthadh and Amhrán South Boston. Blending song, prose, and the ancient art of keening, this performance features Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin, and Eoghan Ó Riada.

Is as Baile an Tí Mhóir, Indreabhán Co. na Gaillimhe í Caitlín.
Is amhránaí ar an sean nós í, bua a thug sí léi óna hathair Máirtín Pheaits Ó Cualáin. Tá duaiseanna náisiúnta go leor buaite aici lena cuid amhránaíochta, Comórtas na mBan 2005, 2008, 2014 agus Corn Uí Riada 2016 ag Oireachtas na Samhna. Ceapadh ina hamhránaí sean nóis cónaitheach í in Ollscoil na hÉireann Gaillimh I 2019. Bíonn sí le cloisteáil go minic ag féilte éagsúla ar fud na tíre, Féile Joe Éinniú, Féile Chluain Cearbháin, Tionól Nioclás Tóibín, Scoil Samhradh Mhic Reachtain, Scoil Samhradh Willie Clancy agus go leor eile.

Tá sí ag obair in RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1999, agus ceapadh ina hEagraí Stiúrtha Clár í i 2021. Chuir sí le chéile sraith speisialta faoin sean nós I 2023 Seoda Foinn. Chaith sí blianta roimhe sin ag obair in earnáil na teilifíse ar chláracha puidéidí agus cartúin.

Tá go leor oibre déanta aici leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata le blianta. Gugalaí Gug, Ceol na Mara, agus Peigín Leitir Móir srl,… agus don chomhlacht Oideachais Breacadh, ar an gclár fónaicí Gaeilge Mar a Déarfá.
Tá leabhair go leor don óige aistrithe aici go Gaeilge freisin, leithidí Dónall Dána agus Dialann an Scubaidín le.
Tá suim ar leith ag Caitlín sna healaíona dúchasacha agus tá duaiseanna náisúnta bainte amach ag a cuid agallaimh beirte nua-chumtha ag an Oireachtas. Tá Caitlín páirteach le léiriúcháin Brú ó 2018. Sa léiriuchán ‘Cleite’ thug a cuid amhránaíochta ar an sean nós léargas ar phiseog a bhí i measc iascairí i gCeantar an Chladaigh I nGaillimh fadó. Bhí sí páirteach freisin leis an léiriú fíorúil ‘Ar Ais Arís’ a chruthaigh Brú I 2020/21, agus san léiriú drámaíochta ‘Gol’ gol a insíonn scéal an mheath a tháinig ar an nós ársa caointeoireachta a bhí in Éirinn fadó, agus atá fíor chosúil le nósanna caoinetoireachta idirnáisiúnta.
Tá Caitlín pósta le 30 bliain le Meiriceánach as New Jersey Greg Ó Braonáin agus tá siad ina gcónaí ar an Teach Mór in Indreabhán lena seachtar clainne, Adhna, Sorcha, Domhnall, Fódhla, Séaghan, Ferdia agus Cormac. Tá siad uilig an-pháirteach le cúrsaí ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta agallaimh beirte agus damhsa seite agus céilí.

Eoghan Ó Riada 17/10/1958

Cór Chúil-Aodha 1963 ar aghaidh

Aisteoireacht le Cumann drámaíochta Chúil-Aodha agus go leor drámaí éagsúla, in a measc , Tóraíocht Dhiarmuid agus Gráinne a tugadh go dtí Taidhbhearc na Gaillimhe sna 80daí.

1996/7 Aisteóirí Mhic Easmain an Cheathrú Rua don chéad uair mar Léiritheoir agus roinnt drámaí déanta leo sin.

Sna 00daí tosnaithe le Aisteóirí Chois Fharraige mar Léiritheoir agus go leor drámaí déanta leo agus tugtha ar chamchuairt go Boston agus Chicago Mherica.

Drámaí gairmiúla mar aisteoir.

Bás taismitheach Ainríalaí (Taidhbhearc)

An Tíoránach drogalach (Taidhbhearc)

Gleann an Dorchadais (Taidhbhearc)

Dumhaill (Taidhbhearc)

Agus tuille nách dtagann chun cuimhne.

Scanáin agus cláracha teilifíse

JJ Biker,

The Fifth Province,

Poorhouse,

An Leabhar,

Cosa Nite,

An Dallarán,

An Gobán Saor,

Connemara,

Rásaí na Gaillimhe

Murdar Mhám Treasna

Klondike.

Barney Bunnion

Gleann Ceo.

C.U. Burn,

Ros na Rún.

Aifric.

Corp agus Anam.

F.C.C.

Ag obair le ós cionn 30 bliain le Telegael ar dtús I mbun stiúriú clárahca dubbála do TG4 agus RTE, agus le ós cionn deich mblianna mar stiúritheoir fuaime ar fhuaimriain do thógraí anamúlachta do Chraoltóirí domhanda.

Event Location

An Taibhdhearc

19 Middle St, Galway, H91 RX76

Book Now Back to What's On

The main auditorium is step free, and there are accessible toilet facilities. There are two accessible parking spaces either end of Middle Street and three spaces on Saint Augustine Street opposite. There is a Loop system. HEPA filter will be in use