13 April,
Irish Language / Panel /
Dinnseanchas
Sunday, 13 April 2025, 2:00pm
An Taibhdhearc / €12.00 | €10.00
Book NowIniúchadh ar an dinnseanchas, seanchas faoi áiteanna, i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Seo an ceathrú bliain den togra seo, comhfhiontar idir Cló Iar-Chonnacht agus Cúirt. Beidh beirt scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, ag caint faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre agus ag léamh óna saothar. Is é Micheál Ó Conghaile a bheidh mar fhear an tí.
An exploration of dinnseanchas, the lore of place, in contemporary Irish-language literature. Writers Eithne Ní Ghallchobhair and Michelle Nic Pháidin, both from Tír Chonaill, discuss the importance of place in their work and share selected readings. Hosted by Cló Iar-Chonnacht founder, the writer Micheál Ó Conghaile.
Rugadh Michelle Nic Pháidín i nGlaschú, Albain ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Bhí cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt blianta. Le linn na tréimhse sin, rinne sí staidéar ar an iriseoireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Aungier. Tá trí leabhar curtha i gcló aici An tIriseoir, Fuascailt an Iriseoir agus sraith gearrscéalta, Súile Éisc.
Michelle Nic Pháidín was born in Glasgow, Scotland but raised in Gaoth Dobhair. She lived in Dublin for a number of years. During that time, she studied journalism at the Dublin Institute of Technology. She has published three books, An tIriseoir, Fuascailt an Iriseoir and a series of short stories, Súile Éisc.
Is as iardheisceart Thír Chonaill Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina scríbhneoir agus ina scéalaí agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile buaite aici sa dá cheird. Tá cúig leabhar foilsithe aici: Anathomia Gydo (2004), Súil (2018), Múscail, a Ghiorria (2020), An Craiceann agus a Luach (2021) agus Caithréim agus Tóir (2024). Tá gearrscéalta léi foilsithe in Irish Pages agus Comhar. Tá an-dúil ag Eithne i sean-litríocht na Gaeilge agus sa bhéaloideas ach go háirithe. Glacann sí páirt in imeachtaí scéalaíochta fud fad na hEorpa.
Eithne Ní Ghallchobhair is from south-west Donegal. She is a writer and a storyteller, and has won many awards in both literary genres. She has published five books: Anathomia Gydo (2004), Súil (2018), Múscail, a Ghiorria (2020), An Craiceann agus a Luach (2021) and Caithréim agus Tóir (2024). She has had short stories published in Irish Pages and Comhar. Eithne’s interests focus on medieval Irish literature and folklore. She takes part in storytelling events throughout Europe.

Event Location
An Taibhdhearc
19 Middle St, Galway, H91 RX76
Book Now Back to What's OnThe main auditorium is step free, and there are accessible toilet facilities. There are two accessible parking spaces either end of Middle Street and three spaces on Saint Augustine Street opposite. There is a Loop system. HEPA filter will be in use